Na Mánaigh a tháinig go Inis Dúiche ar dtús. Bhí siad ar Chnoc na Naomh i nDoire Chonaire. Bhí Naomh Dúiche ar fhear acu. An dóigh ar chaith siad bata agus an áit ar thit sé. Bhí Naomh Colm Cille agus Naomh Beag ann fosta.
00:02:37
Cnoc na Naomh:
Chonaic sé taibhse sa spéir am amháin agus é ag buachailleacht ar Chnoc na Naomh. Bean a bhí ann, gruaig fhada uirthi agus í ag clúdach leath na spéire.
Tá creig ar an chnoc sin fosta agus lorg coise ann, deir siad gur lorg coise Cholm Cille atá ann.
Tá áit ann fosta ar bharr an chnoic a dtugtar Corr / Cur na Leabhar air. Cur síos ar an mhíniú a bhaineann sé féin as an ainm seo. Tógadh cros ann cúpla bliain ó shin.